An Troid ar son na Córa – i mBaile Átha Cliath agus sa Bhruiséil

Creideann Lynn nár chóir teacht i dtír ar aon duine ar mhaithe le brabach —
is cuma más sin oibrí i monarcha sa Bhanglaidéis, altra i mBaile Átha Cliath, nó feirmeoirí sa Bhrasaíl nó i mBéal an Átha. Is dá bhrí sin gur guth seasmhach í i bParlaimint na hEorpa ar son an cheartais trádála, dálaí réasúnta oibre agus cosaintí láidre d’oibrithe.

“Ceart seachas pribhléid é go mbeidh saol sásúil romhainn.”

Cothrom na féinne d'oibrithe i ngach áit

Bíonn Lynn dírithe ina cuid oibre ar a chinntiú go mbíonn comhaontuithe trádála fréamhaithe sa cheartas eacnamaíoch agus aeráide. Cuireann sí i gcoinne comhaontuithe trádála a bhaineann an bonn de chaighdeáin saothair agus troideann sí ar son na nithe seo:

Cearta ceangailteacha saothair i ngach socrú trádála san AE
Cosaintí láidre ar son eagrú comharchumann
Pá maireachtála, coinníollacha sábháilte agus conarthaí seasmhacha
Tacaíocht d'oibrithe nuair a bhíonn athruithe ann
Slabhraí soláthair eiticiúla agus inbhuanaithe

Bíonn sí ag obair freisin chun cur le guthanna oibrithe agus ceardchumannin Éirinn agus ar fud an AE.

Gníomhartha agus Abhcóideacht le déanaí

An tAthrú á Bhrú chun Cinn ar gach Leibhéal

I gcuid focal Lynn féin

“Ba chóir don trádáil ardú céime a thabhairt do dhaoine, ní pá a tharraingt anuas. Meas atá tuillte ar oibrithe, ní sodar go grinneall.”

– Lynn Boylan, FPE

Bí páirteach

Seo bealaí duitse tacú leis an troid seo:

Cláraigh leis an eolas is deireanaí a fháil ar chearta oibrithe agus feachtais trádála
Faigh amach faoi na ceisteanna eile a bhfuil Lynn ag obair orthu
Ardaigh do ghuth — déan teagmháil le d'ionadaithe poiblí i dtaobh margaí trádála
Craobhscaoil an teachtaireacht – déan preasráitis agus físeáin Lynn a chomhroinnt ar na meáin shóisialta