Ráiteas Inrochtaineachta
Raon feidhme
Baineann an ráiteas seo leis an ábhar digiteach atá ar fáil ar www.lynnboylan.ie
Tiomantas don Inrochtaineacht
Caitheann Lynn Boylan dúthracht le hinrochtaineacht dhigiteach a chinntiú do gach úsáideoir, iad siúd atá faoi mhíchumas ina measc. Is é an cuspóir ná eispéireas cuimsitheach ar líne a chur ar fáil atá ag teacht le prionsabail na hIonstraime Eorpaí Inrochtaineachta (Treoir (AE) 2019/882), arna cur chun feidhme in Éirinn trí I.R. Uimh. 636/2023.
Ráiteas Comhlíontachta
Féachtar lena chinntiú go bhfuil an láithreán gréasáin seo ag cloí leis na Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán (WCAG) 2.1 Leibhéal AA, mar a luaitear sa Chaighdeán Eorpach Comhchuibhithe EN 301 549 v3.2.1. Táimid ag obair go gníomhach le comhlíonadh iomlán a bhaint amach agus déanaimid measúnú rialta ar an ábhar digiteach atá againn ó thaobh inrochtaineachta de. Ar an dáta thuas, meastar go bhfuil suíomh gréasáin Lynn Boylan (https://lynnboylan.ie/) ag cloí ar an iomlán le leibhéil WCAG 2.1 AA.
Teorainneacha Inrochtaineachta atá ar Eolas
Aithnímid nach bhfuil an láithreán gréasáin ag comhlíonadh na gcaighdeán inrochtaineachta go hiomlán sna réimsí seo a leanas:
- Codarsnacht dathanna – d’fhéadfadh sé go dteipfeadh ar ghnéithe áirithe de i seiceálacha codarsnachta, cuir i gcás an téacs bán ar chúlraí glasa. An dath glas atá á úsáid i ngach cuid den suíomh gréasáin, is é sin dath roghnaithe an bhranda agus, dá réir, is gá dúinn é a úsáid ar an suíomh gréasáin. Leis sin a shárú, tá giuirléid inrochtaineachta ann a ligeann don úsáideoir leibhéil codarsnachta & dathanna a athrú, rud a leigheasfadh ar shlí phraiticiúil aon ábhar imní a bheadh ag úsáideoirí ó thaobh codarsnachta de.
- Cód tríú páirtí – tá sé seo ag tagairt go sonrach don ardán toilithe/bainistithe fianán atá á úsáid ar an suíomh gréasáin. Déantar cód/struchtúr na míre toilithe aníos a léiriú go dinimiciúil trí bhreiseán/script, rud a fhágann nach bhfuil aon smacht againne ar an gcód sonrach a léirítear agus, dá bharr, nach féidir linne dearbhú a thabhairt faoin gcód sonrach seo ó thaobh comhlíonta de ná aon fhadhbanna a bhaineann leis a réiteach.
Tá gealltanas tugtha againn go gcuirfimid na fadhbanna sin ina gceart agus go bhfeabhsóimid inrochtaineacht an láithreáin gréasáin.
Aiseolas agus Sonraí Teagmhála
Cuirimid fáilte roimh aiseolas maidir le hinrochtaineacht an láithreáin gréasáin. Má thagann tú ar aon bhacainní nó má tá tú ag ceapadh go bhféadfamis rud éigin a fheabhsú ar bhealach ar bith, déan teagmháil linn:
- Ríomhphost: lynn.boylan@europarl.europa.eu
Is aidhm linn freagra a thabhairt laistigh de 5 lá gnó ar aiseolas a bhaineann le hinrochtaineacht.
Nós Imeachta Forfheidhmithe
De réir I.R. Uimh. 636/2023, mura mbeidh tú sásta leis an bhfreagra a fhaigheann tú uainn maidir leis na nithe ab údar imní duit ó thaobh inrochtaineachta de, féadfaidh tú teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisiún um Rialáil Cumarsáide (ComReg), a fheidhmíonn mar an tÚdarás Comhlíontachta maidir leis an Ionstraim Eorpach Inrochtaineachta in Éirinn.
- Suíomh Gréasáin: https://www.comreg.ie/
- Fón: +353 (01) 804 9668