Ag Troid ar son Chothrom na Féinne, an Ghníomhaithe ar son na hAeráide agus an Chomhionannais san Eoraip
Is í Lynn Boylan an FPE de chuid Shinn Féin do Bhaile Átha Cliath agus úsáideann sí a guth le cur i gcoinne na héagóra – ag labhairt amach ar son cearta tithíochta agus an ghníomhaithe ar son na haeráide, agus ag seasamh leis an bPalaistín, agus le hoibrithe agus teaghlaigh ar fud na hEorpa.

An Scéala is Déanaí
Ag obair gan stad gan staonadh ar son chothrom na Féinne agus na hinbhuanaitheachta
Is feisire de chuid Shinn Féin í Lynn Boylan i bParlaimint na hEorpa, áit a ndéanann sí ionadaíocht do mhuintir Bhaile Átha Cliath le teann bróid. Fágann an cúlra atá aici sa chaomhnú comhshaoil agus sa ghníomhaíochas pobail go bhfuil sí ag troid ar son an cheartais aeráide, na dlúthpháirtíochta idirnáisiúnta agus chothrom na Féinne sa trádáil le fada an lá.
Is as Tamhlacht di ó dhúchas agus tá céim mháistreachta aici san athrú aeráide. D’oibrigh sí i bPáirc Náisiúnta Chill Airne, i bPlean Gníomhaíochta Domhanda Bhaile Munna, agus bhí sí ina Cathaoirleach ar bhord comhairleach Safefood.
Toghadh ina Feisire de Pharlaimint na hEorpa í siar in 2014 agus arís in 2024, agus tá sí ag labhairt amach ó shin ar son mhuintir Bhaile Átha Cliath, bíodh sí ag fáil tacaíocht ó Pharlaimint na hEorpa le huisce a aithint mar cheart daonna nó ag cur i gcoinne a bhfuil ag titim amach in Gaza. Bhí sí ina Seanadóir ó 2020 go 2024 agus ar an bPainéal Talmhaíochta chomh maith. D’oibrigh sí go dúthrachtach le leas madraí a fheabhsú agus thacaigh le cúis na 48 duine a fuair bás i dtragóid Stardust tríd an gcás a thabhairt chomh fada leis an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine in ainneoin go raibh an rialtas ag cur ina haghaidh.
Tá Lynn aitheanta as a cur chuige praiticiúil, as dul ó dhoras go doras ag canbhasáil agus as an bhfíorchaidreamh atá aici leis an gcosmhuintir. Tá cónaí uirthi i gCluain Dolcáin lena fhear céile, Eoin Ó Broin TD, agus leis an dá luirsire atá acu, Fionn agus Cuan. Tá sí ag ag troid i gcónaí ar son Eoraip níos cothroime, níos glaise agus níos comhionainne.
Príomh-shaincheisteanna
Buaicphointí Físe agus Meán
"Cé acu atá mé ag troid ar son an cheartais aeráide nó ag seasamh gualainn ar ghualainn le muintir na Palaistíne, úsáidfidh mé mo ghlór i gcónaí le cur i gcoinne na héagóra – sa bhaile agus thar lear."
– Lynn Boylan, FPE
Ceisteanna nó smaointe agat?
Ba bhreá liom scéala a fháil uait! Déan teagmháil liom agus cuirimis le chéile.
Coinnigh ar an eolas
Coinnigh ar an eolas! Cláraigh le haghaidh mo nuachtlitreach leis an scéala is déanaí a fháil ar an ngníomhú ar son na haeráide, ar an gceartas sóisialta agus ar fheachtais phobail. Tógaimis saol níos cothroime, níos glaise le chéile!